Is ag múineadh i nGaelscoil Chaladh an Treoigh atá mé. Tá an scoil lonnaithe i mbruachbhaile Món a Lín ar imeall chathair Luimigh. Tá daonra suntasach ard sa cheantar agus tá Gaelscoil Chaladh an Treoigh ar an dtríú bunscoil a tógadh sa pharóiste. Is ón bparóiste féin agus ó cheantracha mághuaird don gcuid is mó a thagann leanaí na scoile. Is fíorbheagán leanaí a thagann chun na scoile agus an Ghaeilge ar a dtoil acu ón gcliabhán.
Leanaí na naíonán beag, idir buachaillí agus cailiní, atá faoi mo chúram i mbliana. Is triúr is fiche leanaí atá sa rang agam agus tá tréimhse réamhscolaíochta i gcríoch acu ar fad. I gcás leanaí na bliana seo, d’fhreastal 65% den rang ar naíonra atá ar limistéir na scoile roimh tosnú ar scoil. Níl aon duine de na leanaí á dtógáil le Gaeilge sa bhaile. Is tumtha ina iomlán a bhíonn leanaí na naíonán beag agus mór sa Ghaeilge ins an scoil s’againne. Is i Rang I a thugtar faoi fónaic an Bhéarla a mhúineadh do leanaí na scoile.
Tá an dara sraith ranganna nach mór i gcríoch um an dtaca seo ag an scoil le naoi múinteoirí déag ar an bhfoireann teagaisc scoile. Is spéisiúil dom é go bhfuil cur amach agam ar a bheith ag teagasc sa scoil agus í ag feidhmniú mar scoil aon sraith sna luath blianta agus anois, faoin dtráth seo, mar scoil dhá shraith. Is iomaí dúshláin a bhaineann leis an dteanga a thabhairt ar láimh do leanaí na scoile i mbealach atá éifeachtach, cruinn agus daonra na scoile méadaithe ina dúbailt.
Ar bhonn laethúil agus mé i mbun mo chuid cúramaí teagaisc le leanaí na naíonán beag, is folasach an líon deiseanna forbartha teanga a ritheann liom i dtaobh an tumtheanga atá á shealbhú ag leanaí. Tá sé tugtha faoi ndeara agam, le tamall de bhlianta anuas, gur ag ráta níos tapúla a thagann cailciú ar an dteanga anois sa scoil, i dtaobh an Ghaeilge labhartha de, ach go h- áirithe. Taibhsím gur luaite leis an bhfás mílteach daonra a tháinig ar an scoil taobh istigh d’achar ghairid ama is cúis le seo.
Agus machnamh leanúnach ar bun agam ar an gceist áirithe seo, shochraigh mé ar chleachtas ‘Seift Teanga na Seachtaine’ a bhunú leis an bhfoireann múinteoireachta scoile. I gcomhpháirtíocht mar fhoireann, tá sé anois mar nós againn díriú go sonrach ar sprioc amháin teagna sa tseachtain atá le sealbhú go cruinn ag formhór do leanaí na scoile. Is fónta iad na torthaí foghlamtha atá le brath ag an gcleachtas go dtí seo.
No comments:
Post a Comment