Is i mbun foghlama atá leanaí na naíonán beag i láthair na h- uaire maidir le conas an greim ceart a bheith acu ar pheann luaidhe. Cleachtaíonn na naíonáin an scil áirithe seo ar bhonn rialta i gcaitheamh an lae scoile agus réimse leathan de ghníomhaíochtaí peannaireachta agus dathúchán ar bun acu. Spreagtar na leanaí i dtaobh a bheith cineálta, lách lena chéile agus is mór an fhonn a bhíonn orthu a bhfuil sna cásanna pinn luaidhe acu a roinnt lena chéile. Tapaím leis an deis, agus na leanaí i mbun gníomhaíochtaí peannaireachta/ dathú, aibhsiú a dhéanamh ar an spriocstruchtúr agam, ‘Ba mhaith liom crián dearg a bheith agam, más é do thoil é.’ Ag eascairt as seo, is mar théama a bheidh cúrsaí peannaireachta agus dathúchán ar an tasc ‘tabhairt faoi deara’ agam.
Deartha agam mar bhunús ar an tasc ‘tabhairt faoi deara’ tá léiriú teicneolaíoch curtha le chéile agam. Is i bhfoirm scéal atá an léiriú déanta agus is in airde go leictreonach sa seomra ranga a taispeánadh do na naíonáin é. Is éifeachtach an ardán a thugann an cur chuige ionduchtach seo dom, aibhsiú a dhéanamh ar an tsainghné theangeolaíoch atá faoi chaibidil agam, i mbealach atá mealltach agus taitneamhach do na naíonáin. Leis an scéalaíocht, tagann suaimhneas intinne ar leith ar na naíonáin. Deis glórmhar is ea é seo agus na leanaí ullamh chun foghlama. Ar bhonn comhuaineach, sa suíomh áirithe seo, tá an sainghné teangeolaíoch, ‘Ba dheas liom an crián uaine a bheith agam’ agus an t- ábhar, réimse de dhathanna, á shealbhú ag na leanaí. Tá an scéalaíocht ar ceann de na teicnící is mó a fheileann d’aird na naíonáin a mhealladh ar fhoirm ar leith teanga agus an spriocstuchtúr céanna i bhfolach, iliomad babhtaí, sa téacs.
No comments:
Post a Comment