Saincheist Roghnaithe Teanga


An briathar ‘bí’ atá roghnaithe agam mar spriocstruchtúr a fheidhmneoidh mar bhunús ar an teagasc foirm- dhírithe agam. 

Tá an briathar ‘bí’ ar ceann de na briathra neamhrialta agus is fairsing amach is amach an ról a ghlacann sé mar bhriathar i gcás teanga na Gaeilge. Is tráthúil an rud é go bhfuil breis is leathanach iomlán i ‘Foclóir Gaeilge-Béarla’ (Ó Dónaill, 1998) tugtha dó mar bhriathar. Ach oiread le www.téarma.ie agus www.teanglann.ie, is suntasach an líon abairtí agus mioneolas gramadúil a léiríonn an t- údar Ó Dónaill san fhoclóir i gcás ‘bí’.



Is ag díriú ar úsáid amháin den mbriathar ‘bí’ a bheidh mé sa chás árithe seo. Tá uaim go bhfreastalóinn ar ghné teanga atá riachtanach i gcás naíonán a theastaíonn uathu mian a chur in iúl agus ábhar a lorg. Seo a leanas roinnt samplaí den easnamh teanga atá ag na naíonáin sa rang agam i gcomhthéacs an bhriathar ‘bí’:



  1. Mian a chur in iúl. Sampla: ‘Ba dheas liom an crián buí a bheith agam.
  1. Ábhar a lorg. Sampla: ‘An féidir liom bileog a bheith agam, más é do thoil é?’




Gnéithe na Gramadaí:
An briathar neamhrialta ‘bí’: 

1. ’Mian a chur in iúil’ móide ‘acmhainn a bheith’ móide an forainm réamhfhoclach ‘ag’ (www.teanglann.ie.)
Mar shampla: ‘Ba mhaith liom an bosca dathanna a bheith agam.’


‘Ábhar a lorg’ móide ‘acmhainn a bheith’ móide an forainm réamhfhoclach ‘ag’ (www.teanglann.ie.)
Mar shampla: ‘An bhféadfainn an camán a bheith agam, más é do thoil é?.’



I gcás na scileanna ginchumis, is iomaí leanbh a bhuníonn comhréir an dara teanga ar chomhréir agus léacsacan an máthar- teanga acu. Gramadach shimplithe a bhíonn in úsáid acu (Ó Duibhir, 2009.) Bíonn fianaise laethúil den gcúiteamh teanga seo le cloisteáil agam i gcomhthéacs an seomra ranga agam féin agus i gclós leanaí na naíonán beag agus mór. Cloiste agam go rí- mhinic i mo shuíomh scoile féin tá ‘An féidir liom bileog, le do thoil?’ Ar chomhréir máthar- teanga na leanaí, an Bhéarla, atá sé seo bunaithe is léir, ‘Can I have a sheet please?’ Ba dheas liom gnóthachtáil coincheapa a bheith idir láimhe agam agus an ghné gramadaí áirithe seo a mhúineadh do na leanaí.


No comments:

Post a Comment